Feature of the Month:

Date: 
2007-08-10
August 2007 feature picTáthar tar éis Duais na Scoileanna Digiteach a bhronnadh ar bheagnach daichead scoil faoin dtráth seo. Is cúis áthais don NCTE a fhógairt go bhfuil gach bunscoil sa tír i dteideal cur isteach ar bheith ina Scoil Dhigiteach, i bhfianaise chomhlíonadh rathúil an tionscnaimh phíolótaigh.
D'éirigh thar cionn leis an tionscnamh píolótach agus bhí go leor de na Scoileanna Digiteach in ann páirt a ghlacadh i bpíolótú an NCCA den Chreatlach TFC do Bhunscoileanna. B'fhíorspreagúil í an aimsir sin agus tháirg na scoileanna a bhí páirteach roinnt saothair fhíorspéisiúil, a bhfuil cuid de á cur i láthair ar an láithreán gréasáin seo.